2010

Cruinniú Poiblí

Ag dul i ngleic le Leithcheal agus Stiogma i dtaca le Sláinte Intinne

CRUINNIÚ POIBLÍ

Amharclann Balor, Príomhshráid, Bealach Féich

Dé Luain 11 Deireadh Fómhair ar 8.00in

Is é atá in See Change clár náisiúnta na hÉireann chun an stiogma a bhaineann le fadhbanna sláinte intinne a laghdú agus chun dul i ngleic leis an leithcheal a dhéantar mar gheall air chomh maith. Comhpháirtíocht idir eagraíochtaí éagsúla atá in See Change, iad ag obair le chéile le meon agus iompar an phobail a dhéanamh níos dearfaí i leith daoine a bhfuil fadhbanna sláinte intinne acu.

Reáchtálfaidh See Change, i gcomhar le Fóram Deonach Pobail Chontae Dhún na nGall, cruinniú poiblí fá dtaobh de stiogma sláinte intinne agus cad é a thig a dhéanamh lena laghdú.

Clár

-I measc na gcainteoirí ar an oíche beidh:
An tUas. John Moloney TD, Aire Míchumais agus Meabhairshláinte

In. Susan McFeely, Urlabhraí Fheachtas See Change

An tUas. John Hayes, FSS

-Eolaire Tacaíochtaí agus Seirbhísí a sheoladh: An Comhaontas Meabhairshláinte
-‘Cad é atá ort?’ Dráma gairid á éascú ag Create-a-link – ag scrúdú stiogma meabhairshláinte
-Seisiún iomlánach

Fáilte roimh gach duine bheith i láthair Cuir in iúl, le do thoil, cé acu beidh tú i láthair, nó nach mbeidh, trí ríomhphost a chur chuig info@seechange.ie nó trí scairt a chur ar 01 8601620.

Comharchumann na nOileán Beag 074 95 32571