2010

Logainmneacha Oileáin Bheaga Dhún na nGall

Ag ocáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair

ar an Aoine, 3 Nollaig, déanfar an leabhrán,

‘Logainmneacha Oileáin Bheaga Dhún na nGall’.

a sheoladh go hoifigiúil.

Is éard atá sa leabhrán seo ná cnuasacht de logainmneacha

agus de mhionainmneacha a bhaineann le seacht gcinn

d’oileáin bheaga Ghaeltacht Dhún na nGall a bhfuil a gcuid

coistí forbartha ag feidhmiú faoin scátheagraíocht

Comharchumann na nOileán Beag.

Ar na hoileáin atá i gceist tá Gabhla, Inis Bó Finne, Inis Caorach, Inis Fraoigh,

Inis Mhic an Doirn, Inis Oirthir agus Oileán Ruaidh.

Is gné thar a bheith tábhachtach dár n-oidhreacht iad ár gcuid

logainmneacha. Is nasc beo iad leis na glúnta a chuaigh romhainn.

Beidh gach eolas faoin seoladh le fáil ar an suíomh www.donegalislands.com níos moille.