2010

Inis Mhic an Doirn

Bhí an 33 míol mór a tháinig isteach ar thrá ar Inis Mhic an Doirn amach ó na Rosa ar na mallaibh ag Uibhist a Deas in Inse Gall na hAlban roimhe sin.

Sin a mheasann saineolaithe ar mhíolta móra.

Coicís ó shin chonacthas cúpla dosaen míol mór ag Loch a’ Charnain in oir-thuaisceart Uibhist a’ Deas. Dúirt Susy MacAulay, iriseoir ar Uibhist a’ Tuath, go raibh siad ag dul thart i gciorcal. Bhí imní ar bhunadh an oileáin go raibh na míolta móra le dul isteach ar an chladach. “Rinne daoine de bhunadh na háite iarracht ar iad a stiúradh amach,” arsa Susy. I gcionn ceithre lá, d’éirigh leis na hUibhistigh, agus d’imigh na míolta. Bhí marcanna ar eití s’acu a bhí cosúil leis na marcanna ar mhíolta móra Inis Mhic an Doirn.

Tá sé 250 ciliméadar ó Uibhist a’ Deas go hInis Mhic an Doirn. Ní aistear fada ag míolta móra seo, dar leis an Ghrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna.

Níl sé chomh neamhchoitianta sin ag míolta móra dul i dtír, ach tá sé neamh-choitianta an oiread sin teacht i dtír le chéile.

Bhí sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall na míolta móra a chur ar an trá ar an oileán i dtús báire ach rinne bunadh Inis Mhic an Doirn imní mhór a léiriú faoi seo agus rinneadh bealaigh eile le deileáil leis na míolta a scrudú.

I ndiaidh cuid mhór cúr agus cuiteamh, tá cinné déanta anois go mbeidh na míolta móra a dtabhairt ar shiúl ón oileán go dtí loisceoir i gContae an Chabháin.