2010

Cruinniú leis an Aire Pat Carey T.D.

Bhí cruinniú ag ionadaithe do Choiste Chomharchumann na nOileán Beag leis an Aire Gnoithí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ag an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.

Ba seo an chéad chruinniú a bhí ag ionadaithe an Chomharchumainn leis an Aire Ó Ciardha agus bhí siad iontach sásta leis an eisteacht a thug an tAire daofa.

Rinneadh plé ar ábhair ghinearálta ach rinneadh plé sonrach ar Chiste na nOileán,

ar shoilse ag céanna, ar ghnoithí farantóireachta chuig na noileáin agus ar fhorbairt agus ar thodhchaí na noileán.

Gheall an tAire go mbeadh sé ar ais chuig an Choiste gan mhoill le áis-chothú i dtaobh ábhar an chruinnithe.

Tá Coiste Chomharchumann na nOileán Beag buíoch don tSeanadóir Brian Ó Domhnaill as a thacaíocht in eagrú an chruinnithe leis an Aire.