2013

Ceardlann Scríbhneoirí Gaeilge

Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht

Dáta: Dé Sathairn, 26 Deireadh Fómhair 2013
Ionad: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Páirt Ghnó Ghaoth Dobhair. Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall.
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Eilís Ní Dhuibhne

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine Ní Cholchúin ag an seoladh thíos ROIMH an 11 Deireadh Fómhair 2013.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:
Áine Ní Cholchúin nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht,
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe.
Guthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: aine@cic.ie

nó Máirín Uí Fhearraigh, Gaoth Dobhair. 087 4134244. ancaire@eircom.net

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon