2012

Seoladh Suil Siar

Seoladh oifigiúil an leabhair ‘Súil Siar’

‘Súil Siar’

Is bailiúchan de sheanphictiúir as oileáin bheaga Dhún na nGall atá sa leabhar agus is seo a leanas na hoileáin atá i gceist:

Inis Caorach, Inis Fraoigh, Inis Mhic an Doirn, Gabhla, Inis Oirthir, Inis Bó Finne agus Oileán Ruaidh.

Tá thar 140 pictiúr sa leabhar agus tarraingíodh an chuid is mó acu idir 1930-1950.
Is pictiúirí dubh agus ban iad uilig agus tá cuid mhaith acu do dhaoine as na hoileáin thar an tréimhse sin.

D’eascair an smaoineadh as taispeantás seanphictiúir a bhí mar pháirt d’Fhéile Ghabhla le cupla bliain. Bhí suim iontach ag an phobal sna pictiúir agus shil Coiste Chomharchumann na nOileán Beag gur smaoineadh maith a bheadh ann bailiuchán a chur le chéile as gach oileán agus iad a fhoilsiú i bhfoirm leabhair.

Tá sin déanta anois go snásta agus bheidh an leabhar darbh ainm,
Súil Siar, a seoladh go hoifigiúil ag an Aire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnghaile, T.D. ar an 28 Iúil in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ag 8.00.

Tá fáilte roimhe achan nduine.

Gach eolas: Comharchumann na nOileán Beag 074 95 32571

ancaire@eircom.net
www.donegalislands.com