2011

Oileán Slachtmhara 2011

Oileán Slachtmhara 2011

Tá Coiste Forbartha Oileán Ghabhla iontach sásta leis an mharc do 246 a fuair siad sa chomórtas ‘Oileáin Shlachtmhara 2011’.

Seo an triú bliain a chur an Coiste isteach ar an chomórtas agus tá ardú cúig mharc

faighte acu on bhliain 2007.

“Tá sé mar sprioc againn ardú a chur ar na marcanna don bhliain seo chugainn arís”

a dúirt Síle Uí Ghallchóir, Cathaoirleach an Choiste Forbartha.

“Tá cuid mhór oibre déanta againn le bliain agus beidh muid ag glacadh nóta do na moltaí atá déánta sa tuarisc a chur na moltóirí amach chuig an choiste” a dúirt Sile.

Beidh foirmeacha iarratais don chomórtas 2012 le fáil ó oifig Comharchumann na nOileán Beag ag 074 95 32571 nó ancaire@eircom.net.