2011

Scoláireachtaí Printíseachta

Údarás na Gaeltachta

Scoláireachtaí Printíseachta

Buachaillí/Cailíní; Fir/Mná

Tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint Scoláireachtaí Printíseachta gur fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d’iarrthóirí le cáilíocht mar cheardaí a bhaint amach.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith sé bliana déag d’aois ar a laghad agus na buncháilíochtaí seo a leanas a bheith acu:

Teastas Grúpa/Meánteastas/Teastas Sóisearach, le pas i gcúig ábhar nó a

chomhionann. (Tá matamaitic (gnáth leibhéal) riachtanach i gcás printíseachtaí áirithe),

réamhchúrsa printíseachta atá aitheanta ag FÁS,

os cionn 25 bliain d’aois agus taithí aitheanta acu sa cheird le trí bliana.

Is d’iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa na scoláireachtaí seo.

Má tá spéis agat a bheith san iomaíocht do na scoláireachtaí seo, ba chóir duit d’ainm agus do sheoladh a líonadh sa spás thíos agus an duillín a sheoladh ar ais chuig an seoladh thíos roimh

10 Meitheamh 2011:

An Rannóg Oiliúna & Oideachais,

Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

AINM:

SEOLADH:

(Bloclitreacha)

GUTHÁN: DÁTA BREITHE:

Dícháileofar an té a dhéanann canbhasáil

(Nóta: Beidh na hagallaimh ar siúl idir 20/6/2011 agus 22/7/2011

Cuirfear roinnt áiteanna sa chomórtas seo ar fáil do mhná, d’oileánaithe, agus do dhaoine atá 23 bliain d’aois nó níos sine.

Cuirfear fáilte ar leith roimh iarratais ó dhaoine dífhostaithe atá ag iarraidh tosú ar ghairm nua.