2010

Scoil Samhraidh Ghabhla

Bhí deireadh seachtaine gnóthach ar Oileán Ghabhla an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart nuair a reachtáil UAHS (Ulster Architectural Heritage Society) cúrsa i scíleanna togála tradisiúnta.

Rinne scaifte breá freastail ar an chúrsa ag a dtug saineolaithe togála ranganna agus taispeantáis sna scíleanna le tithe tradisiúnta a choiriú agus a chaomhnú.

Mar pháirt don Scoil Samhraidh fosta, bhí siulóidí ag diriú isteach ar Ailtireacht Chultúrtha Ghabhla.

Is iad Fidelma Mullane, Saineolaí Ailtireachta Thradisiúnta, Gerard Skehan, Oifigeach Togála Tradisiúnta na nOileán, agus Seosamh Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae Dhún na nGall a bhí i mbun an treor agus baineadh sult agus tairbhe as an siulóidí.

Reachtáladh an Scoil Samhraidh i gcomhar le Coiste Forbartha Ghabhla agus chur baill an choiste fearradh na fáilte roimhe na gcuairteoirí uilig go dtí an toileán.
Eolas: Comharchumann na nOileán Beag 074 95 32571

ancaire@eircom.net