2014

Rúnaí/Riarthóir RSS ag Teastáil

Tá post lán-aimseartha mar Rúnaí/Riarthóir ar an Scéim Sóisialta Tuaithe á thairiscint ag Comhar na nOileán. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Chomhar na nOileán in Inis Oírr agus is 9.00 r.n. go 5.00 i.n. na huaireanta oibre.

Beidh Gaeilge labhartha agus scríofa d’ard chaighdeán riachtanach don phost, chomh maith le taithí agus scileanna maithe i riaracháin agus i gcumarsáid agus tuiscint ar an Scéim Sóisialta Tuaithe. Beidh tuiscint ar chúrsaí oileánda agus saol na n-oileán riachtanach freisin.

Is é 5pm Dé Céadaoin 15 Eanáir 2014 an sprioc dáta d’iarratais agus cuirfear agallamh orthu siúd a bheidh ar an ngearrliosta ar an Aoine 17 Eanáir in Inis Oírr. Caithfear foirm iarratais a líonadh isteach agus is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ach glaoch a chur ar an oifig ag 099 75096 nó rphost a chur chuig grainne@oileain.ie.

Is fostóir comhionannais é Comhar na nOileán Teo,.