2012

Poist / Jobs

Oifigigh Tograí/Riarthóirí

Tá 3 phost lánaimseartha mar Oifigigh Tograí/Riarthóirí ar an gClár Forbartha Tuaithe (LEADER) á dtairiscint ag Comhar na nOileán Teo. Beidh duine amháin a cheapfar lonnaithe in oifig Chomhar na nOileán in Inis Oírr agus beidh an bheirt eile lonnaithe in oifig Chomhar na nOileán i gConamara Theas.

Tá taithí ar fhorbairt fiontair, ar fhorbairt phobail agus ar fhorbairt tuaithe sa Ghaeltacht riachtanach, chomh maith le taithí agus scileanna maithe riaracháin agus cumarsáide. Beidh tuiscint ar shaol na n-oileán agus Gaeilge agus Béarla labhartha agus scríofa d’ard-chaighdeán ag na daoine a cheapfar freisin.

Is é 5pm Dé Céadaoin 15 Lúnasa 2012 an spriocdháta d’iarratais. Caithfear foirm iarratais a chomhlánú agus is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ach glaoch a chur ar an oifig ag 099 75096 nó rphost a chur chuig grainne@oileain.ie<mailto:grainne@oileain.ie>. no:

Comharchumann na nOileán Beag

ancaire@eircom.net 074 95 32571