2010

Oiche Eolais

Oiche Eolais ar Foirgnimh Thraidisiúnta ar Oileáin Dhún na nGall – Inné, Inniu agus Amárach
Tá Rannóg Caomhnaithe Ailtireachta

Chomhairle Contae Dhún na nGall ag reachtáil oiche eolais ar Fhoirgnimh Thraidisiúnta ar Oileáin bheaga Dhún na nGall

Déardaoin 28 Eanáir
7.30in – 9.00in
Sa Chrannóg
Doirí Beaga, Gaoth Dobhair

Sa chur i láthair seo, scrúdófar agus déanfar plé ar shaibhreas neamhghnách na bhfoirgneamh traidisiúnta atá le fáil ar chuid oileán Dhún na nGall, trí ghrianghraif agus trí ábhar cartlainne. Trí ransú a dhéanamh ar an stair ar leith atá ag na hoileáin agus ar a bhféadfadh a bheith i ndán dóibh amach anseo, amharcfar fosta ar thíortha eile agus ar réigiúin eile a bhfuil na dúshláin forbraíochta chéanna rompu. Tá muid ag súil go mór leis an eolas seo a roinnt leat!

Tá an cur i láthair seo saor in aisce.
Ríomhphost: gskehan@donegalcoco.ie

Gach eolas:
Máirín Uí Fhearraigh
Comharchumann na nOileán Beag
074 95 32571