Is éard atá sa leabhrán seo ná cnuasacht de logainmneacha
agus de mhionainmneacha a bhaineann le seacht gcinn
d’oileáin bheaga Ghaeltacht Dhún na nGall a bhfuil a gcuid
coistí forbartha ag feidhmiú faoin scátheagraíocht
Comharchumann na nOileán Beag.
Ar na hoileáin atá i gceist tá Gabhla, Inis Bó Finne, Inis Caorach, Inis Fraoigh,
Inis Mhic an Doirn, Inis Oirthir agus Oileán Ruaidh.
Is gné thar a bheith tábhachtach dár n-oidhreacht iad ár gcuid
logainmneacha. Is nasc beo iad leis na glúnta a chuaigh romhainn.
Beidh gach eolas faoin seoladh le fáil ar an suíomh www.donegalislands.com níos moille.