Donegal Islands
Donegal Islands Home Page Gola Inishbofin Inishfree Island Roy Inis Oirthear Iniskerragh Rutland Contact Us

Vist the Donegal Islands Photo Gallery
 
Get the latest news on the Donegal Islands
 
Subscribe here for updates:

Cruinniú Poiblí
08-Oct-2010

                 

Ag dul i ngleic le Leithcheal agus Stiogma i dtaca le Sláinte Intinne

CRUINNIÚ POIBLÍ

Amharclann Balor, Príomhshráid, Bealach Féich

Dé Luain 11 Deireadh Fómhair ar 8.00in

Is é atá in See Change clár náisiúnta na hÉireann chun an stiogma a bhaineann le fadhbanna sláinte intinne a laghdú agus chun dul i ngleic leis an leithcheal a dhéantar mar gheall air chomh maith. Comhpháirtíocht idir eagraíochtaí éagsúla atá in See Change, iad ag obair le chéile le meon agus iompar an phobail a dhéanamh níos dearfaí i leith daoine a bhfuil fadhbanna sláinte intinne acu.

 

Reáchtálfaidh See Change, i gcomhar le Fóram Deonach Pobail Chontae Dhún na nGall, cruinniú poiblí fá dtaobh de stiogma sláinte intinne agus cad é a thig a dhéanamh lena laghdú.

Clár

  • I measc na gcainteoirí ar an oíche beidh:

An tUas. John Moloney TD, Aire Míchumais agus Meabhairshláinte

In. Susan McFeely, Urlabhraí Fheachtas See Change

An tUas. John Hayes, FSS

  • Eolaire Tacaíochtaí agus Seirbhísí a sheoladh: An Comhaontas Meabhairshláinte

  • ‘Cad é atá ort?’ Dráma gairid á éascú ag Create-a-link – ag scrúdú stiogma meabhairshláinte

·         Seisiún iomlánach

Fáilte roimh gach duine bheith i láthair Cuir in iúl, le do thoil, cé acu beidh tú i láthair, nó nach mbeidh, trí ríomhphost a chur chuig info@seechange.ie nó trí scairt a chur ar 01 8601620.

Comharchumann na nOileán Beag   074 95 32571



Back To Latest News Page
HOME - GOLA - INISHBOFIN - INISHFREE - ISLAND ROY - INIS OIRTHEAR - INISKERRAGH - GALLERY - LATEST NEWS - CONTACT