2011

MAOIRSEOIRÍ le hearcú

Údarás na Gaeltachta,

MAOIRSEOIRÍ le hearcú.

Soláthróidh “Tús – An Tionscnamh Socrúcháin Oibre Pobail”, deiseanna gearrthéarmacha oiriúnacha oibre ar ardchaighdeán dóibh siúd atá dífhostaithe agus ag an am céanna cuirfear réimse leathan de sheirbhísí ar fáil a bheadh tairbheach don phobal agus i suíomhanna pobail éagsúla.

Critéir Cháilitheachta:

Ní mór d’iarratasóirí:

 A bheith dífhostaithe le dhá mhí dhéag ar a laghad as a chéile agus ag ‘síniú’ ar bhonn lánaimseartha, agus

 A bheith ag fáil Íocaíocht Chuardaitheora Poist ón Roinn Coimirce Sóisialaí le dhá mhí dhéag ar a laghad (Sochar Cuardaitheora Poist san áireamh), agus

 A bheith ag fál Liútas Cuardaitheora Poist ag am an iarratais.

Coinníollacha Oibre:

Is gá do mhaoirseoir 39 uair sa tseachtain a oibriú. Beidh tréimhse phromhaidh sé mhí ar a laghad i gceist

Is tréimhse bliana a bheidh i gceist leis an gcéad chonradh agus déanfar an conradh a athnuachan faoi réir feidhmíochta sásúla agus maoiniú leanúnach ar Tús. Beidh maoirseoirí fostaithe chun maoirseoireachta a dhéanamh ar an gclár i nGaeltacht Dhún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh/Mí agus Gaeltacht na Mumhan.

Dualgais an Phoist:-

Socrúcháin oibre a aithint in eagraíochtaí agus suíomhanna pobail.Cur chun cinn agus riarachán na scéime. Maoirseacht ar rannpháirtithe, monatóireacht ama agus tinrimh san áireamh. Cuntais chuí, scríofa agus ríomhairithe a choinneáil. Maoirseacht ar chomhlíonadh riachtanais sláinte agus sábháilteacht. Ag leagan amach, ag bainistiú agus ag monatóireacht sceideal oibre agus ag baint spriocanna amach. Oiliúint sainiúil don obair a sholáthar. Cinntiú go bhfuil toradh na rannphairtithe ar aon dul le hionchais na bpobal. Aon fhreagrachtaí eile is gá d’fheidhmiú ordúil Tús.

Riachtanais:-

Riachtanais cháilitheachta Tús a shásamh. Bheith ábalta oibriú mar pháirt d’fhoireann. Taithí bainistíochta agus maoirseoireachta (roimhe seo). A léiriú go bhfuil sé ar do chumas tacaíocht agus dáimh a dhéanamh le rannpháirithe. Litearthacht ríomhairí. Eolas ar ghníomhaíochtaí agus obair pobail. Caighdeán maith oideachais. Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta

Seoltar iarratais mar aon le CV roimh 10 Bealtaine 2011 chuig:

An Bainisteoir Forbartha Pobail

Údarás na Gaeltachta

Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

Teil: 091 503100 Facs: 091 503101 Rphost: eolas@udaras.ie