2011

Limistear faoi Chosaint Speisialta (SPA)

Bhí scáifte breá ag an chruinniú a d’eagraigh Comharchumann na nOileán Beag le eolas a thabhairt faoi Limistéar faoi Chosaint Speisialta atá molta
a bheith curtha i bfheidhm ar oileáin agus ceantar costa iarthar Dhún na nGall a bhí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair aréir.
Rinne bunadh na noileán, iascairí agus daoine eile a bhfuil suim acu san ábhar freastail ar an chruinniú agus rinneadh plé agus spionadh ar an ábhar.

Rinne an tAire Stait Donnchadh Mac Fhionnghaile freastail ar an chruinniú chomh maith le ionadaithe poiblí eile.

Rinneadh trí chur i láthair le linn an chruinnithe:

1. Rinne Feargal O Coighligh, Leas Rúnaí na Roinne Ealíona, Oidhreachta agus Gaeltachta cur i láthair.
2. Rinne Dave Duggan as an Pháirc Náisiúnta agus Fiadhúlra cur i láthair 3. Rinne Frank Sweeney, Bainisteoir Ceantair sa Rannoige Pleanála as an Chomhairle Contae cur i láthair ar an ghné atá ag baint le pleanáil don ábhar.
Bhí eolas cuimsitheach, cruinn beacht curtha ar fáil ins na cur i lathair agus ansin bhí seisiún ceist agus freagra ann faoi chathaoirleachta Áine Ní Churráin as Raidio na Gaeltachta.
Is iad na rudaí is mo a bhí ag déanamh imní do na daoine a bhí ansin no:

Cúrsaí pleanála
Usaid talún
Di-luacháil talún
An costas a bheadh ag baint le réamh-thuariscí pleanála má thig na treoracha seo i bfheidhm.
Tugadh eolas fosta faoi na scéimeanna airithe deontais atá ar fáil le caomhnú na n-éan a chur chun cinn.

Tá go dtí an Cheadaoin, an 5 Deireadh Fómhar ag pobal na noileán le aighneachtaí a bheith istigh acu ar an ábhar.