2010

Dreacht Phlean Forbartha na Contae

Cruinniú 14 Meán Fómhar in Ionad Seirbhisí Pobail, An Clochan Liath

Réamhrá
Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall é a dhéanamh níos fusa do dhaoine agus do choistí ionchur a bheith acu ar phróiseas athbhreithnithe an Phlean Forbartha Contae. San fhoirm seo tá eolas ar cad é an rud é an Plean Forbartha Contae agus cén tábhacht a bhaineann leis don chontae. Leagann sí amach leideanna fosta maidir le haighneacht a chur isteach chuig an Phlean Forbartha Contae, chomh maith le foirm a chuidíonn le daoine aonaracha agus le coistí aighneacht a dhéanamh sa dóigh is go mbeadh guth acu sa phróiseas seo.

Cad é an rud é an Plean Forbartha Contae?
Leagann an Plean Forbartha Contae amach gormchló chun an contae a fhorbairt san am atá romhainn ó thaobh úsáid talún de, go ceann tréimhse 6 bliana.

Cad iad na seirbhísí atá beartaithe sa Phlean Forbartha Contae?
Tá réimse leathan seirbhísí agus bonneagair beartaithe sa Phlean Forbartha Contae, ar a n-áirítear: bóithre, iarnróid, bealtaí siúil/rothaíochta, teileachumarsáidí, leathanbhanda, línte cumhachta, draenáil, soláthar uisce, cóireáil séarachais, áiseanna oideachais agus pobail, mar shampla soláthar cúram leanaí.

Tá soláthar sa Phlean Forbartha fosta maidir le:

  • Tithe a fhorbairt i mbailte, i sráidbhailte agus amuigh faoin tuath
  • Forbairt eacnamaíochta trí chur chuige ar nós na straitéise míondíola
  • Réimse leathan cineálacha eile forbairtí ar nós míondíola, tráchtála, cairéalaithe, feirmeoireacht ghaoithe, tionslaíochta, talmhaíochta & comharthaíochta

Cad é is cuspóir don Phlean Forbartha Contae?
Is é an cuspóir atá ag an Phlean ná an contae ar leith seo s’againne, ar a n-áirítear a oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha, a chosaint agus a bhainistiú, chomh maith leis an tírdhreach, an tseandálaíocht, an timpeallacht, an t-uisce, an fhiabheatha, an ailtireacht, na tuilemheánna, an cósta, fearann páirce, spásanna poiblí, tailte talmhaíochta mar acmhainn, áiseanna mara, coillte agus carachtar sráidbhailte.
Dreacht Phlean na Contae