2011

Deora Saillte / Sceal le Mairin Ui Fhearraigh

Bhí maidin bhreá ann, an mhaidin úd i ndeireadh mhí Lúnasa na bliana 1967. Bhí leoithne bheag gaoithe ag séideadh aneas agus bhí an fharraige rud beag clabach. Ní raibh mórán fonn ormsa éirí. Níor chodail mé néal i rith na hoíche agus b’fhada mé ag urnaí nach dtiocfadh an lá seo go deo, ach caithfidh sé nár chuala Dia mé.

Bhí an teach lán daoine agus bhí siad uilig gnóthach. Ní raibh mise amuigh as an leaba mar ba cheart go raibh beirt de na comharsana ar shiúl amach an doras agus mo leaba leo.

I ndiaidh greim bricfeasta, d’iarr mo mháthair orm aire a thabhairt do na hainmhithe. Ní raibh sin doiligh a dhéanamh mar go dtug Johnaí Tom, an búistéir as Machaire Chlochair, leis an bhó bhuí, an bhó bhreac agus an bearach an lá roimh ré agus ní raibh fágtha anois ach an t-asal, cúpla cearc, dhá lacha agus bardal.

Ní raibh a fhios agam féin caidé a bhí ag tarlú mar níor inis aon duine a dhath dom ach go mbeinn ag dul go scoil úr ar an Luan mar gur druideadh an scoil s’againne agus gurbh éigean don mháistreás imeacht.

Bhí an t-éadach uilig pacáilte ag mo mháthair le cúpla lá agus cuireadh an trunca mór donn sa charr i gcuideachta na cathaoireach móire ina suíodh mo mháthair mhór i gcónaí cois na tine. Bhí an t-asal agus an carr aníos agus síos go Port an Chruinn i rith na maidine go dtí nach raibh áit suí ná luí sa teach.

Chruinnigh na comharsana isteach ansin agus thosaigh an caoineadh. Bhí mise ag caoineadh fosta ach ní raibh a fhios agam cad chuige.

Chuaigh mo mháthair suas go hArd na mBáinseog agus shuigh sí ar ‘an chloch’, cloch mhór liath ar thaobh Ard na mBáinseog a raibh radharc ar an oileán uilig uaithi. Bhí sí ansin tamall fada ach níor ligeadh domsa dul suas chuici.

Tháinig sí anuas i ndiaidh tamaill fhada agus dúirt sí: “Seo, bhuel, rachaidh muid chun bealaigh le cuidiú Dé” agus shiúl sí amach an doras agus níor amharc sí ar ais ní ba mhó. Shiúil mná an bhaile síos go dtí an ché linn áit a raibh bád an teaghlaigh, ‘Nancy’ ag fanacht le muid a thabhairt amach go tír mór. Bhí an bád lán agus cuireadh mise i mo shuí ar an trunca mhór dhonn a bhí thiar chun deiridh.

Bhí m’uncail, Neidí Jimí Mac Suibhne ar an inneall, na comharsana, Hughie Hiúdaí Shíle Ó Rabhartaigh ar an stiúir agus scaoil Johnaí Mhicí Ruaidh Ó Domhnaill na rópaí agus d’fhág muidinne Gabhla, an baile ina rugadh agus tógadh muid agus thug muid ár n-aghaidh ar shaol úr.