Donegal Islands
Donegal Islands Home Page Gola Inishbofin Inishfree Island Roy Inis Oirthear Iniskerragh Rutland Contact Us

Bádh Ghabhla

Cumadh an dán seo in ómós do Chlann tSuibhne as Oileán Ghabhla a bádh ar 17 Meitheamh 1932. David Hay as na Dúnaibh a chum agus is é Seán Ó Gallchóir (Johnaí Sheáin) a rinne an leagan Gaeilge.

Ní raibh gaoth ná síon ag séideadh
Nuair a sheol na bádaí amach
Ó chladaí cúil na Rosann
Is ó chaslacha na dTuath
Ón tráigh i Machaire Rabhartaigh
Ó na Dúnaibh thall cois cuain
Ón chéidh i Machaire Gathlán
Is na hoileáin cois Ghaoth Dobhair.

Ní raibh bád ‘na measc chomh clúiteach
Leis an ‘Celtic’ láidir groí,
Ba mhinic a thug sí an chraobh léi
Ag seoladh ar bharr na dtonn
A foireann lúfar láidir
De scoith na bhfear nár fheall
Ag troid leis na tonnaí móra
Ar chósta Dhún na nGall.

Nach beag a shíl an cheathrar úd
Nuair a sheol siad leofa anonn
Nach bpillfeadh siad arís go deo
‘soir a muintir ná a gclann.
I lár na hoíche d’éirigh an gála tobann treán
Is scuabadh iad ar shiúl
Mo bhrón! mo bhrón! ní raibh tarrtháil ann
Lena dtabhairt ’na bhaile slán

Brónach dubh gach croí inniu
Ar chladaí Dhún na nGall,
Ag caoineadh na bhfear a d’éag sa ghabhadh
Ó oileán Ghabhla thiar
Go gcumhdaigh Dia gach máthair dhil
Is a gcairde uilig go léir
A shileas deora goirte géar’
Sa bhaile cois na trá.

Clann tSuibhne triúr nár mhór an chaill
Is Ó Duibhir a fágadh leo
Ar uiscí dubha na mara treán
Is gan aon neach á gcóir
Ba mhinic sheol siad an ‘Celtic’ beomhar
Is muid nár luí fá shuan
Ach arís go brách, ní fheicfidh súil í
Ag nochtadh le bánú an lae.

Ba dheas le súil iad maidin Dhomhnaigh
Ag seoladh trasna an chuain
Chuig Aifreann Dé sa teampall naofa
Sa ghleann faoi scáth na mbeann
A gcoiscéim éadrom is lúth ‘na gcos
Gealgháireach, maisiúil, mín
Bhí meas an tsaoil ar na hóigfhir áigh
Fá chladaí Dhún na nGall.

Ceád slán go deo le plúr na bhfear
Nach bhfeicfear arís níos mó
Gach máthair dhil is céile fíor
Go maolaigh Dia a mbrón
Go gcastar sinn uilig arís
Nuair bheas deireadh le brón is buairt
Fá sholas geal na Glóire
I measc na Naomh ar Neamh.

Máirín Jimí

<< BACK

HOME - GOLA - INISHBOFIN - INISHFREE - ISLAND ROY - INIS OIRTHEAR - INISKERRAGH - GALLERY - LATEST NEWS - CONTACT US