| |
|
|
| |
Ag Fagáil Ghabhla
Nuair a mhuscail mé,
Bhí gleo sa teach,
Bhí mó theaghlach,
Agus na comharsain,
isteach ‘s amach.
Tógadh na plataí móra,
Anuas ón driosiúr,
Tógadh na pictiúirí naofa,
Anuas óna ballaí.
Cuireadh paipéar donn,
Thart ar na cupaí,
Cuireadh sceanna ‘s spunogaí,
Isteach i mboscaí.
Tógadh na leapacha,
Agus an tábla,
Amach as an teach,
Thóg na comharsain iad,
Suas ar a’ charr.
Leapacha,
Cathaoireacha,
Cofraí,
Trunca donn,
An t-asal aníos ‘s síos,
Go cé Phort a’Chruinn.
Tine mharbh,
Teach folamh,
Doras glasáilte,
Cróithe briste.
Máirín Jimí
<< BACK
|
|
|
|