An Cleamhnas

Tráthnóna breá ciúin i ndiaidh na Samhna agus é baint dó a chuid buataisí ag bun an urláir dúirt Tarlach le Méabha: ‘Cén curach é sin ag teacht anall an bháire? Ní aithním é.’

D’fhág Méabha uaithi an stocaí a bhí sí a chniotáil agus chuaigh sí go dtí an fhuinneog: ‘Maise, ní aithnímse an oiread é. Tá beirt inti.’

Thóg Máire Bhán a iul dona cuid oibre ag an tábla, áit a raibh sí ag giollacht bidh agus thug sí sracfhéachaint amach an fhuinneog go neamhshuimiúil agus chuaigh sí ar ais i mbun a cuid oibre.

B’í Máire Bhán a ba shinne don chúigear iníon a bhí ag Tarlach Mór agus a bhean Méabha Mhícheáil agus bhí sí seacht mbliana déag thart.

Ba bhreá an cailín í, bhí sí cúig troigh agus seacht n-orlaigh ina cuid stocaí; í comh díreach le feadh, súile gorma aici agus gruaig fhionn ag glioscarnach síos a droim.

‘Bhfuil mo chuid tae reidh?’ arsa Tarlach.

‘Tá, a athair,’ arsa Máire. ‘Suigh síos ansin anois,’ agus tharraingt sí amach an chathaoir dó ag ceann an tábla.

‘Cá bhfuil na girseachaí seo uilig?’ arsa Tarlach.

‘Bhail, tá Bríd ar shiúl síos go páirc Mhícheáil fá choinne an eallaigh. Tá Síle thiar ‘dtigh Sheáin agus tá Hanna agus Méabha óg thuas ansin sa tseomra ag déanamh a gcuid obair baile,’ arsa Méabha. Déanfaidh mise bolgam deas tae daofa amach anseo nuair a bheas an bhunnóg árainn risiní sin ar an tine réidh.

Bhí a chuid tae olta ag Tarlach agus é ag éirí amach on tábla nuair a bualadh cnág ar an doras.

‘Faoi Dhia, cé sin?’ arsa Méabha agus í ag cur na ndealgáin ar leathaobh.

‘Geobhain mar atá a fhios agam’ arsa Tarlach agus é ag tarraingt ar an doras go fadalach.

Labhair Tarlach leis an bheirt fhear a bhí ag an doras, chuaigh amach agus tharraing an doras ina dhiaidh. Chuaigh Méabha go dtí an fhuinneog agus thóg sí coirneál an chuirtín ach ní raibh sí ábalta a fheiceáil ach cúl duine de na fir. Chuaigh sí ar ais go dtí an tine.

Ní raibh i bhfad go dtáinig sé isteach arís agus beirt fhear leis. Chuir sé in aithne do Mhéabha iad. Jimí óg agus Eoghan Beag comharsa do Jimí óg. D’amharc Máire thart ar na fir. Jimí óg as Taobh an Chnoic, chonaic sí a roimhe é, bhí sé muintreach dona hathair ar dhóigh inteacht. D’amharc sí ar an fhear eile ansin, strainséar, Eoghan Beag, fear beag dinnte, dorcha agus cuma dhéanfasach air, é fá pholl cnaipe don leathchéad bliain agus an ghruaig ag tanú siar air, dar léi.

‘Faigh amach cupla gloine, a Mhéabha,’ arsa Tarlach lena bhean.

Thóg Méabha cupla gloine a raibh seamrogaí glasa ar gach ceann acu anuas ón dreisiúr agus d’fhág síos ar an tábla iad.

Thóg Jimí óg buidéal chúig naigín amach as faoi a chóta, bhain an clár de agus dhoirt misiúr uisce bheatha isteach i dtrí ghloine.

Bhí Máire Bhán ag ní soitheach ag bun an tí agus gan í ag cur móran suime sna gnoithí ar chor ar bith.

‘Gabh aníos anseo bomaite beag,’ arsa Tarlach le Máire.

Thriomaigh sí a cuid lámha ar thuáille a bhí crochta ar chúl an dorais agus chuaigh sí go faiteach go dtí an tábla.

Chur a hathair in aithne don bheirt fhear í. D’éirigh Eoghan Beag agus chroich sé lámh leí. ‘Nach garbh an craiceann atá ar na lámha aige’ arsa Máire leí féin agus í ag tarraingt ar shiúl a lámh go gasta.

‘Gabh suas chun an tseomra agus cuidiú le do chuid deirfiúracha a gcuid obair baile a dhéanamh anois’ arsa a hathair le Máire.

Agus í ag siúl suas chun an tseomra, thug a máthair a bhí ina suí sa choirneál, amharc uirthi a rinne mí-shuaimhneach í.

Thug sí iarraidh cuidiú lena cuid deirfiúracha leis an obair baile ach ní raibh a iúil air. Thóg sí giota do stocaí a bhí ar dhá dhealgán aici ansin ach lig sí do chúpla lúb titim agus chaith sí uaithe na dealgáin fosta.

Chuaigh leathuair fhada thart sular scairteadh anuas ar Mháire Bhán as an tseomra. Bhí na fir ar shiúl. D’iarr a hathair uirthi suí síos agus d’inis sé di go raibh cleamhnas déanta aige di le Eoghan Beag agus go mbeadh siad ar ais ar maidin fana coinne.

Chuaigh Máire a luí luath an oíche sin, ach má bhí si sinte ar a leaba fein níor thit néal uirthi i rith na hoiche. Bhí a cloigeann a dul thart agus bhí a croí a bhriseadh.

Bhi sí ag smaoineadh ar a hathair. Fear caol, ard, gruaig chatach dhonn air agus rian na gréine ar a chraiceann. Fear don tsean-déanamh, fear ionraice, fear cineálta agus fear a sheas lena fhocal i gcónaí. Cén doigh a dtiocfadh leis a leithid de rud a dhéanamh uirthi? Shíl sí nach raibh anás ar bith orthu. Bhí siad ina gcónaí i dteach beag seascar ar bhruach na farraige. Bhí seisean ag baint saothrú maith as an iascaireacht agus bhí feirm breá deich n-acra talún acu a bhí oibriste go maith ag an teaghlach. Cad chuige a raibh sé ag iarraidh réitigh a fháil díthe-se? Bhail, ní raibh sise ag dul a phósadh Eoghan Beag nó Eoghan ar bith eile agus sin sin!

Smaoinigh sí ar Phádraig Shéamais, stócach a raibh suim aici ann. Bhí Pádraig thar na sé troigh, súile móra gorma aige agus a ghruaig chomh dubh le sciathán an fhiach dhuibh.

Tháinig náire uirthi nuair a smaoinigh sí ar an teas a tháinig ina craiceann an tráthnóna a fuair sé greim láimhe uirthi nuair a bhí eagla uirthi roimhe an toirneach agus iad amuigh ag buachailleacht.

Bhí pian ina croí.

Thart fan seacht ar maidin a d’éirigh sí. Ní bheadh sé i bhfad go mbeadh sé ag éirigh geal. Chur sí cupla balcais éadaigh i mála, scríobh sí nóta goirid fá dheifre, phóg sí a cuid deirfiúracha agus chuaigh sí amach ar fhuinneog an tseomra go suaimhneach.

Bhí sí ábalta boladh Mheiriceá a fháil as na cuirtíní órga a chur a hAintín Sábha anall as Nua Eabhrach agus í ag druid na fuinneoige ina diaidh.

Bhain sí an ché amach. Chonaic sí curach beag Phaidí Eoghain ceangailte ag an ché. Chaith sí a mála isteach chun deiridh, scaoil na ropaí. chur na rámhaí ar an pionnaí agus d’imigh lei anon an bhaire. Bhí sí cleachtaithe le curach Phaidí Eoghain mar gur iomaí lá iascaireachta a rinne sí fein agus Paidi. Bhí bogadh beag san fharraige ach bhí coir bheag gaoithe anoir agus ní raibh sí abad gur bhain sí tír mór amach. Tharraingt sí suas an churaigh ar an ghaineamh thirim bán. ‘Beidh an currach sábhailte ansin’ a dúirt Máire leithe féin agus í ag togáil an mála beag donn ina raibh a cuid balcaisí amach as faoin bhéim deiridh.

Sheas sí bomaite ag barr an mhéile, d’amharc sí trasna na dtonnta ar a baile, rinne sí a coisrecadh, chaith an mála donn ar a droim agus le croí trom thug a aghaidh ar an bhóthar fada amach roimpi.

D’éirigh Tarlach agus Méabha i dtrátha an ocht. Chuaigh Méabha suas chun an tseomra leis na girseoidh a mhuscladh. Chuala Tarlach an bhéic agus é ag cur air a chuid bróg. Rith sé suas chun an tseomra.

‘Tá sí ar shiúl… tá sí ar shiúl.’ choinnigh Méabha a rá agus í ag caoineadh agus ag amharc ar phíosa páipéir a bhí aici ina láimh.

Shín Méabha chuige an nóta.

Léigh Tarlach an dhá line a scríobh Máire Bhán.

Ní thiocfadh liom é a phósadh. Tá mé buartha. Máire

Shiúl Tarlach anonn go dtí fuinneog an tseomra. Sheas sé ansin ag amharc amach ar an bháire.

‘Ní beithear anois uirthi,’ arsa seisean agus crith ina ghlór.

D’amharc Tarlach anonn na choirneáil, ait a raibh beirt dona chuid iníonacha ina luí agus dúirt, ‘éirigh a Bhríd agus teann ort, caithfidh tusa áit do dheirfiúra a ghlacadh anois a thaiscí. Tá an cleamhnas déanta agus tá m’fhocal tugtha agamsa. Níor bhris mise m’fhocal ariamh agus níl mé ag dul a thoiseacht anois,’ arsa Tarlach.